An Togra 5x5 Níl Aon Teorainn le Cúig
Céard atá laistigh den teorainn 5km san áit ina bhfuil tusa?
Cuir do chúig chéadfa ag obair agus faigh amach céard iad na scéalta laistigh de do 5km! Céard atá speisialta faoi do cheantarsa gur fiú a roinnt leis an domhan mór?
Seo cuireadh duit ó Fighting Words fáil amach faoin domhan mórthimpeall ort agus do chuid cruthaitheachta a roinnt linn!
Tóg grianghraf de rud éigin taobh istigh de do theorainn 5km agus inis an scéal a bhaineann leis ag úsáid cúig…cén saghas cúig? Is fútsa atá sé!
Seo roinnt smaointí:
- Dán i 5 fhocal nó 5 líne
- Scéal i 5 alt
- Greannán i 5 phainéal
- Pictiúr le 5 dhath
- Amhrán le 5 líne nó 5 bhéarsa
- 5 rud sa ghrianghraf a insíonn scéal
- Nó pé tuiscint atá agat féin ar 5x5!
Foilseofar an obair ar fad in irisleabhar digiteach ar shuíomh idirlín Fighting Words i mí Aibreán 2021.
Dáta oscailte d’iarratais: Dé Máirt, 19 Eanáir 2021
Acmhainní do Mhúinteoirí
Cliceáil anseo dár bPacáiste Acmhainní do Mhúinteoirí
Meánscoile
Ghrianghrafadóireachta
Cliceáil anseo le leideanna grianghrafadóireachta a fháil!
Dáta oscailte d’iarratais: Dé Máirt, 19 Eanáir 2021
TÁ AN TOGRA 5x5 DÚNTA ANOIS.
Míle buíochas le gach duine a sheol iarratas! Beidh muid i dteagmháil libh go luath.
Na sonraí ar fad:
- Glacfar le hiarratais ón Mháirt, 19 Eanáir
- Dé hAoine, 12 Feabhra an dáta deiridh le hiarratais a sheoladh isteach
- Uasmhéid focal: 500 focal – le do thoil, ná téigh os a chionn seo
- Glacfar le hiarratais i nGaeilge nó i mBéarla
- Ní mór d’údair a bheith 12 bliain d’aois nó níos sine
- Seol do scéal le leagan amach ineagarthóireachta (m.sh. Microsoft Word nó Google Docs). NÁ seol iarratais i bhfoirm PDF ná Apple Pages, le bhur dtoil.
- Seol learáidí agus greannáin mar JPEGs. Ní ghlacfar le hiarratais lámhscríofa.
TÁBHACHTACH: Ní mór don obair ó scríbhneoirí faoi 18 a bheith seolta ó ríomhphost an tuismitheora/chaomhnóra NÓ ó ríomhphost an mhúinteora chuig lockdown@fightingwords.ie le TOGRA 5X5 luaite mar ábhar.
Ní mór an t-eolas seo a chur san áireamh:
-
Ainm an údair
-
An contae ina gcónaíonn tú
-
Teideal an phíosa
-
Líon Focal (tabhair faoi deara an t-uasmhéid 500 focal)
-
Ainm an Tuismitheora/Chaomhnóra (más faoi 18 don scríbhneoir)
-
Uimhir Theagmhála an Tuismitheora/Chaomhnóra (más faoi 18 don scríbhneoir)
-
Ainm an Mhúinteora, Ainm na Scoile agus Uimhir Theagmhála (má tá an obair á chur isteach thar ceann na scoláirí)
Glacfar le gach píosa oibre trí ríomhphost agus gheobhaidh gach iontrálaí cóip de na téarmaí agus coinníollacha.
Coimeádann Fighting Words an ceart gan píosaí oibre a fhoilsiú mura bhfuil na sonraí liostáilte thuas san áireamh.
Ba cheart aon cheist a sheoladh chuig lockdown@fightingwords.ie le CEIST 5X5 luaite mar ábhar.
Ceadú – Fógra d’údair, do Thuismitheoirí/Chaomhnóirí agus do Mhúinteoirí
Tuigeann gach údar atá ag cur obair isteach (nó a gcuid tuismitheoirí/caomhnóirí do scríbhneoirí faoi 18) go mbaineann na cearta ar fad dá gcuid oibre leis an scríbhneoir/ealaíontóir rannpháirteach agus le Fighting Words agus aon chomhpháirtithe tionscnaimh, a bhfuil cead acu an saothar atá curtha isteach a fhoilsiú chun an tionscnamh agus an foilseachán a fhógairt leis na comhpháirtithe tionscnaimh. Tabharfaidh aon teacht isteach ón tionscnamh tacaíocht do Fighting Words agus dá gcomhpháirtithe.
Coimeádann Fighting Words agus a gcomhpháirtithe tionscnaimh an ceart gan ábhar a fhoilsiú a sháraíonn Polasaí Comhdheiseanna Fighting Words agus/nó Polasaí Cosanta na bPáistí agus na nDaoine Fásta Leochaileacha. Tá an dá pholasaí ar fáil ag www.fightingwords.ie.
Tuismitheoirí: Agus píosa cruthaitheach á chur isteach agat don Tionscnamh 5X5 ar son do pháiste ag úsáid do sheoladh ríomhphoist, dearbhaíonn tú gur tú tuismitheoir/caomhnóir an iontrálaí san “Tionscnamh 5X5,” áit go mbeidh foilseachán digiteach i gceist agus go gceadaíonn tú don phíosa oibre a bheith san áireamh sa bhfoilseachán sin.
Múinteoirí: Beidh múinteoirí a chuireann obair isteach thar ceann a gcuid scoláirí freagrach as cead a fháil ó thuismitheoirí/chaomhnóirí chun obair ó údair faoi 18 a fhoilsiú.
Polasaí Príobháideachais
Tá Fighting Words freagrach as do chuid sonraí a stóráil go slán.
Nuair a sheoltar píosa scríbhneoireachta nó saothar de chineál eile le bheith mar chuid den togra seo, glacfar leis go bhféadfadh Fighting Words agus a gcomhpháirtithe tionscnaimh do chuid sonraí a úsáid maidir leis an ‘Togra 5 x 5’ a chruthú agus go bhféadfaí do chuid oibre nó obair do pháiste a bheith foilsithe go digiteach. Tá gach ceart ar cosaint agatsa mar údar/ealaíntóir nó mar thuismitheoir an údair/ealaíontóra agus ag Fighting Words agus a gcomhpháirtithe tionscnaimh.
Ní bheidh rochtain ag aon duine neamhúdaraithe ar do chuid sonraí. Ní úsáidfear do sheoladh ríomhphoist ach amháin le haghaidh teagmháil a dhéanamh leat faoin ‘Togra 5 x 5’.
Téarmaí agus Coinníollacha
- Tá an t-eolas ar fad a bhaineann leis an gcaoi gur féidir páirt a ghlacadh sa tionscnamh seo mar chuid de na téarmaí agus de na coinníollacha. Má ghlactar páirt, tá sé ar cheann de na coinníollacha go nglacfar leis na rialacha agus go dtuigeann tuismitheoir/caomhnóir an pháiste go gcaithfear na rialacha a leanúint.
- Glacfar le hiarratais ón 19 Eanáir 2021.
- Spriocdháta d’iarratais: 12 February 2021.
- Ní ghlacfar le hiarratais tar éis an data seo.
- Glacfar le hiarratais atá i bhfoirm scéil, dáin, léaráide, greannáin nó amhráin nach bhfuil níos faide ná 500 focal.
- Agus iarratas á sheoladh, ní mór d‘iarrthóirí, do thuismitheoirí/caomhnóirí na n-iarrthóirí nó do mhúinteoirí na n-iarrthóirí fios a bheith acu cén fhad a thógfaidh sé an obair a chríochnú. Tá sé de fhreagracht ar na hiarrthóirí rathúla a chinntiú go mbeidh a gcuid oibre críochnaithe in am.
- Is é obair an iarrthóra amháin a chaithfidh a bheith san obair scríofa agus san obair ealaíne ar fad san iarratas. Is ar an tuismitheoir/caomhnóir nó na múinteoirí atá ag déanamh an iarratais atá an fhreagracht, gan aon chearta cóipchirt a shárú ná aon dlíthe a bhriseadh.
- Fanann cóipcheart na n-iarratas leis an iarrthóir.
- Ní ghlacfar le haon iarratas go bhfuil aon tagairt do nochtacht, do chiníochas, d’úsáid drugaí, d’eascainí ná d’aon ábhar maslach eile ann.
- Do gach iarrthóir, fanfaidh cóipcheart don obair atá cruthaithe leis an té a chruthaigh é. É sin ráite, tabharfaidh an t-iarrthóir (nó tuismitheoir/caomhnóir an iarrthóra má tá siad faoi 18 bliain d’aois) cead buan, domhanda, do-athraithe do Fighting Words, mar aon lena maoinitheoirí agus a gcomhpháirtithe tionscnaimh, an obair chruthaitheach a thaispeáint ina bhfoilsiúcháin, ina n-ábhar bolscaireachta nó ar a suíomh idirlín.
- D’fhéadfadh eachtaí tarlú a chiallódh go mbeadh an Togra 5x5 dódhéanta de bharr chúinsí nach bhfuil aon smacht ag Fighting Words orthu. Aontaíonn na hiarrthóirí (nó a dtuismitheoirí/caomhnóirí) nach mbeidh aon dliteanas ar Fighing Words ná a gcomhpháirithe mar thoradh ar seo.
- Aontaíonn iarrthóirí (nó tuismitheoirí/caomhnóirí má tá siad faoi bhun 18 bliain d’aois), nuair a sheolann siad obair chruthaitheach isteach chuig an ‘Togra 5 x 5’, go mbaileofaí, go coinneofaí agus go n-úsáidfí a gcuid sonraí pearsanta chun a n-iarratas a phróiseáil agus chun teagmháil a dhéanamh leo faoina n-iarratas agus do na cúiseanna atá leagtha amach sna Téarmaí agus Coinníollacha seo.
- D’fhéadfadh Fighting Words sonraí na n-iarrthóirí a thabhairt do thríú páirtí agus/nó baint a bheith ag an tríú páirtí leis an ‘Togra 5 x 5’ sa gcás agus go bhfuil an tríú páirtí ag gníomhú ar son Fighting Words maidir le riartha an togra agus/nó bolscaireacht agus/nó aon ábhar eile de réir an dlí.
- Is iad Fighting Words, Cearnóg Uí Bheacháin, 12-16 Sráid Ruiséil, Baile Átha Cliath 1 D01 WD53 tionscnóirí an chláir seo.
- Ní ghlacann Fighting Words aon fhreagracht d’aon damáiste, aon chaillteanas, aon dliteanais, aon ghortú ná aon díomá a thabhaítear nó a fhulaingítear agus obair chruthaitheach á roinnt.
- Ní bheidh aon dliteanas ar FightingWords ná ar thríú páirtithe dá gcuid a n-oibleagáidí maidir leis an gcomórtas seo a chomhlíonadh sa chás gur ní éigin lasmuigh dá smacht réasúnach is cúis leis an mainneachtain.
- Beidh Téarmaí agus Coinníollacha ‘An Togra 5x5’ faoi réir dhlí na hÉireann agus géilleann iontrálaithe do dhlínse eisiach Chúirteanna de chuid na hÉireann.