Céard a chónaíonn i do shamhlaíocht?

Inis Scéal Faoi Ainmhí Dúinn - Fíor-Ainmhí nó Ainmhí Samhailteach!

Tá Fighting Words ag iarraidh ar údair óga aois 7-12 bliain scéalta faoi ainmhithe a sheoladh chugainn. Is ceiliúradh ar chruthaitheacht é seo agus foilseofar GACH scéal ar shuíomh idirlín Fighting Words. Freisin, déanfaidh an fhoireann dheonach atá againn beochain bunaithe ar  chuid de na scéalta!

Tá a lán bealaí ann do scéal a insint! Seo cúpla ceist le bheith ag smaoineamh orthu le cúnamh a thabhairt duit tosú:

  • An peata atá ann, ainmhí fiáin nó ainmhí aisteach fantaiseach?
  • Cá bhfuil cónaí ar an ainmhí? Cé a chónaíonn in éineacht leis an ainmhí?
  • An bhfuil draíocht ag an ainmhí?
  • Cá rachaidh an t-ainmhí ar thuras nó ar eachtra?
  • An bhfuil cairde ag an ainmhí?
  • Céard é an rud is mó sa saol a bheadh an t-ainmhí ag iarraidh?
  • Céard a chuireann eagla ar an ainmhí?

Is féidir leat scéal, dán, greannán, léaráid nó amhrán a sheoladh chugainn!
Foilseofar na scéalta ar shuíomh idirlín Fighting Words i mí Aibreán 2021

tá Scéal Ainmhí dúnta anois
Míle buíochas le gach duine a sheol iarratas! Beidh muid i dteagmháil libh go luath.

Tá an togra seo oscailte do scríbhneoirí aois 7-12 bliain

Cliceáil ANSEO go bhfeicfidh tú fiseáin lán le leideanna scríbhneoireachta chun thú a spreagadh! 

Na sonraí ar fad:

  • Glacfar le hiarratais ón Mháirt, 26 Eanáir
  • Spriocdháta d’iarratais: Dé hAoine, 19 Feabhra
  • Uasmhéid focal: 300 focal – le do thoil, ná téigh os a chionn seo
  • Glacfar le hiarratais i nGaeilge nó i mBéarla
  • Ní mór d’údair a bheith idir 7 agus 12 bliain d’aois
  • Seol do scéal le leagan amach ineagarthóireachta (m.sh. Microsoft Word nó Google Docs).
  • Seol learáidí agus greannáin mar JPEGs. Ní ghlacfar le hiarratais lámhscríofa.
Image
Céard a chónaíonn i do shamhlaíocht?

TÁBHACHTACH: Ní mór d’iarratais a bheith seolta ó ríomhphost an tuismitheora/chaomhnóra NÓ ó ríomhphost an mhúinteora chuig fiction@fightingwords.ie le Scéal Ainmhí luaite mar ábhar.

Ní mór an t-eolas seo a chur san áireamh:

  • Ainm an údair
  • Aois an údair
  • An contae ina gcónaíonn tú – mar shampla, Co. Chorcaí, Co. Dhún nan Gall, Co. an Dúin
  • Teideal an phíosa
  • Líon Focal (tabhair faoi deara an t-uasmhéid 300 focal)
  • Ainm an Tuismitheora/Chaomhnóra
  • Uimhir Theagmhála an Tuismitheora/Chaomhnóra
  • Ainm an Mhúinteora, Ainm na Scoile agus Uimhir Theagmhála (má tá an obair á chur isteach thar ceann na scoláirí)  TABHAIR FAOI DEARA - Caithfidh múinteoirí an t-eolas ar fad thuasluaite a sholáthar má tá siad ag seoladh iarratais ar son scoláirí atá faoi 18 bliain d'aois.

Glacfar le gach píosa oibre trí ríomhphost agus gheobhaidh gach iontrálaí cóip de na téarmaí agus coinníollacha.

Coimeádann Fighting Words an ceart gan píosaí oibre a fhoilsiú mura bhfuil na sonraí liostáilte thuas san áireamh.

Ba cheart aon cheist a sheoladh chuig info@fightingwords.ie le Ceist Ainmhí luaite mar ábhar.

Image
Céard a chónaíonn i do shamhlaíocht?

TÁBHACHTACH: Ní mór d’iarratais a bheith seolta ó ríomhphost an tuismitheora/chaomhnóra NÓ ó ríomhphost an mhúinteora chuig fiction@fightingwords.ie le Scéal Ainmhí luaite mar ábhar.

Ceadú – Fógra d’údair, do Thuismitheoirí/Chaomhnóirí agus do Mhúinteoirí

  • Tuigeann gach údar atá ag cur obair isteach go mbaineann na cearta ar fad dá gcuid oibre leis an scríbhneoir/ealaíontóir rannpháirteach agus le Fighting Words agus aon chomhpháirtithe tionscnaimh, a bhfuil cead acu an saothar atá curtha isteach a fhoilsiú chun an tionscnamh agus an foilseachán a fhógairt leis na comhpháirtithe tionscnaimh. Tabharfaidh aon teacht isteach ón tionscnamh tacaíocht do Fighting Words agus dá gcomhpháirtithe.
  • Coimeádann Fighting Words agus a gcomhpháirtithe tionscnaimh an ceart gan ábhar a fhoilsiú a sháraíonn Polasaí Comhdheiseanna Fighting Words agus/nó Polasaí Cosanta na bPáistí agus na nDaoine Fásta Leochaileacha. Tá an dá pholasaí ar fáil ag www.fightingwords.ie.
  • Tuismitheoirí: Agus píosa cruthaitheach á chur isteach agat don Togra Ainmhí ar son do pháiste ag úsáid do sheoladh ríomhphoist, dearbhaíonn tú gur tú tuismitheoir/caomhnóir an iontrálaí sa “Togra Ainmhí,” áit go mbeidh foilseachán digiteach i gceist agus go gceadaíonn tú don phíosa oibre a bheith san áireamh sa bhfoilseachán sin.
  • Múinteoirí: Beidh múinteoirí a chuireann obair isteach thar ceann a gcuid scoláirí freagrach as cead a fháil ó thuismitheoirí/chaomhnóirí chun obair ó údair faoi 18 a fhoilsiú.

Polasaí Príobháideachais

  • Tá Fighting Words freagrach as do chuid sonraí a stóráil go slán.
  • Nuair a sheoltar píosa scríbhneoireachta nó saothar de chineál eile le bheith mar chuid den togra seo, glacfar leis go bhféadfadh Fighting Words agus a gcomhpháirtithe tionscnaimh do chuid sonraí a úsáid maidir leis an ‘Togra Ainmhí’ a chruthú agus go bhféadfaí do chuid oibre nó obair do pháiste a bheith foilsithe go digiteach. Tá gach ceart ar cosaint agatsa mar údar/ealaíntóir nó mar thuismitheoir an údair/ealaíontóra agus ag Fighting Words agus a gcomhpháirtithe tionscnaimh.
  • Ní bheidh rochtain ag aon duine neamhúdaraithe ar do chuid sonraí. Ní úsáidfear do sheoladh ríomhphoist ach amháin le haghaidh teagmháil a dhéanamh leat faoin             ‘Togra Ainmhí’.

Téarmaí agus Coinníollacha

  1. Tá an t-eolas ar fad a bhaineann leis an gcaoi gur féidir páirt a ghlacadh sa tionscnamh seo mar chuid de na téarmaí agus de na coinníollacha. Má ghlactar páirt, tá sé ar cheann de na coinníollacha go nglacfar leis na rialacha agus go dtuigeann tuismitheoir/caomhnóir an pháiste go gcaithfear na rialacha a leanúint.
     
  2. Glacfar le hiarratais ón 26 Eanáir 2021.
     
  3. Spriocdháta d’iarratais: 19 Feabhra 2021
     
  4. Ní ghlacfar le hiarratais tar éis an dáta seo.
     
  5. Glacfar le hiarratais atá i bhfoirm scéil, dáin, léaráide, greannáin nó amhráin nach bhfuil níos faide ná 300 focal.
     
  6. Agus iarratas á sheoladh, ní mór d‘iarrthóirí, do thuismitheoirí/caomhnóirí na n-iarrthóirí nó do mhúinteoirí na n-iarrthóirí fios a bheith acu cén fhad a thógfaidh sé an obair a chríochnú. Tá sé de fhreagracht ar na hiarrthóirí rathúla a chinntiú go mbeidh a gcuid oibre críochnaithe in am. 
     
  7. Is é obair an iarrthóra amháin a chaithfidh a bheith san obair scríofa agus san obair ealaíne ar fad san iarratas. Is ar an tuismitheoir/caomhnóir nó na múinteoirí atá ag déanamh an iarratais atá an fhreagracht, gan aon chearta cóipchirt a shárú ná aon dlíthe a bhriseadh.
     
  8. Fanann cóipcheart na n-iarratas leis an iarrthóir.
     
  9. Ní ghlacfar le haon iarratas go bhfuil aon tagairt do nochtacht, do chiníochas, d’úsáid drugaí, d’eascainí ná d’aon ábhar maslach eile ann.
     
  10. Do gach iarrthóir, fanfaidh cóipcheart don obair atá cruthaithe leis an té a chruthaigh é. É sin ráite, tabharfaidh an t-iarrthóir (nó tuismitheoir/caomhnóir an iarrthóra má tá siad faoi 18 bliain d’aois) cead buan, domhanda, do-athraithe do Fighting Words, mar aon lena maoinitheoirí agus a gcomhpháirtithe tionscnaimh, an obair chruthaitheach a thaispeáint ina bhfoilsiúcháin, ina n-ábhar bolscaireachta nó ar a suíomh idirlín.
     
  11. D’fhéadfadh eachtaí tarlú a chiallódh go mbeadh an Togra Ainmhí dódhéanta de bharr chúinsí nach bhfuil aon smacht ag Fighting Words orthu. Aontaíonn  na hiarrthóirí (nó a dtuismitheoirí/caomhnóirí) nach mbeidh aon dliteanas ar Fighing Words ná a gcomhpháirithe mar thoradh ar seo.
     
  12. Aontaíonn iarrthóirí (nó tuismitheoirí/caomhnóirí má tá siad faoi bhun 18 bliain d’aois), nuair a sheolann siad obair chruthaitheach isteach chuig an ‘Togra Ainmhí’, go mbaileofaí, go coinneofaí agus go n-úsáidfí a gcuid sonraí pearsanta chun a n-iarratas a phróiseáil agus chun teagmháil a dhéanamh leo faoina n-iarratas agus do na cúiseanna atá leagtha amach sna Téarmaí agus Coinníollacha seo. 
     
  13. D’fhéadfadh Fighting Words sonraí na n-iarrthóirí a thabhairt do thríú páirtí agus/nó baint a bheith ag an tríú páirtí leis an ‘Togra Ainmhí’ sa gcás agus go bhfuil an tríú páirtí ag gníomhú ar son Fighting Words maidir le riartha an togra agus/nó bolscaireacht agus/nó aon ábhar eile de réir an dlí. 
     
  14. Is iad Fighting Words, Cearnóg Uí Bheacháin, 12-16 Sráid Ruiséil, Baile Átha Cliath 1 D01 WD53 tionscnóirí an chláir seo.
     
  15. Ní ghlacann Fighting Words aon fhreagracht d’aon damáiste, aon chaillteanas, aon dliteanais, aon ghortú ná aon díomá a thabhaítear nó a fhulaingítear agus obair chruthaitheach á roinnt.
     
  16. Ní bheidh aon dliteanas ar FightingWords ná ar thríú páirtithe dá gcuid a n-oibleagáidí maidir leis an gcomórtas seo a chomhlíonadh sa chás gur ní éigin lasmuigh dá smacht réasúnach is cúis leis an mainneachtain.
     
  17. Beidh Téarmaí agus Coinníollacha ‘Togra Ainmhí’ faoi réir dhlí na hÉireann agus géilleann iontrálaithe do dhlínse eisiach Chúirteanna de chuid na hÉireann.