Scéal Annabella

Image
Sceal Anabella

Fighting Words Cork, Gaelscoil Mhachan, Rang a 5, 25-11-2025

Thit Timmy isteach sa bosca bruscar agus bhí se ann le haghaidh cúpla uair! Bhí Annabella ag dul le haghaidh jog go dtí an gym agus tháinig sí trasna ar Timmy sa bhosca bruscar. Thóg sí Timmy amach as an mbosca bruscar agus thóg sí é go dtí an ospidéal. Dúirt Timmy go raibh maith agat.

Bhí aithne ag Annabella ar Timmy mar bhí sé ina dhornálaí cáiliúil nuair a bhí sé óg. “Cá bhfuil do hata heileacaptar?” a dúirt sí leis.  Chuir Timmy a lámha ar a cheann agus scread sé “Tá sé sa bhosca bruscar!!!!!” Ansin léim se ar ais sa bhosca bruscar agus fuair sé a hata ar ais. Thug sé airgead do Annabella (bhí sé ina multi-millionaire).

“Nach tusa Timmy, an dornálaí cáiliúil?” a dúirt sí leis.

“Nach tusa Annabella, an dornálaí gan bhainisteoir’ a dúirt Timmy.

Ansin, dúirt Timmy “An bhfuil cead agamsa bheith i do bhainisteoir?” 

“Tá!!! Tá sé seo cosúil le briongloid!’

Dúirt Timmy: “An bhfuil fhios agat go bhfuil comortas dornálaiochta sa Ghearmáin?”

“Ní raibh fhios agam” arsa Annabella.

“Is feidir liom thú a chuir isteach sa chomórtas sin!” a dúirt Timmy. “Tá dornálaithe an-mhaithe ann.”

Dúirt Annabella “Sea! Ba bhrea liom dul isteach sa chomórtas sin, agus tá me chun buachaint!”

“Tá duais mor, 1 mhiliúin euro!”

“Cen lá a bhfuil se ar siúl?”

“An chead lá de mhí Aibreáin.”

Dúirt Annabella “Ach níl sé sin ach cúpla seachtain ó inniu, agus is breithlá mo chara is fearr atá ann!!!!!!!!!” ...