Réalt Tom ag Árdú - Tom’s Career is Starting
Fighting Words Cork, Gaelscoil Pheig Sayers - Rang a 5, 21-10-2025
“Lá leadránach a bhí ann i gcomhair Tom mar bhí sé an-tuirseach ón oíche aréir mar bhí alán tromluí aige faoin gcomórtas. Ba mhaith le Tom a ainm a chur síos le haghaidh an Comórtas Canadh Chipmunk, ach… tá sé ró-eaglach mar go bhfuil a dheartháir an-mhaith ag canadh chomh maith.
Jerry is ainm don deartháir agus ceapann Tom gurb é an amhránaí chipmunk is fearr ar domhan —” Deireann Tom “Stop!” go dtí an t-úll Bob mar go bhfuil Bob ag scríobh i ndialann Tom.
“Is é Bob mo chara is fearr agus is úll é” a scríobhann Tom.
Téann Jerry isteach go dtí an seomra leaba agus tógann sé an dialann agus tosnaíonn sé ag léamh. Deireann Tom “Stop!” le Jerry.
“Oh, rinne mé dearmad! Is Chipmunk mé agus is Chipmunk mo dheartháir freisin.”
Deireann Jerry “Ceapann tú nach bhfuil tú i do amhránaí maith? Tá tú níos fearr ná mise ag canadh.”
Tagann Bob agus deireann sé, “Níl tú chomh maith le mise ag snámh ach tá tú fós go maith”.
Tá náire ar Tom agus ritheann sé as an chás agus tá sé sa seomra ranga agus leagann sé na leabhair ar fad, agus tosnaíonn sé ag caint, “Oh tá brón orm, tá brón orm!” a deireann sé ós ard roimh an rang!
Casann an rang ar fad chuig Tom agus tá a mbéal ar fad oscailte. Deireann an múinteoir “Gach éinne, socraigh síos agus suigh síos gach duine!” Deireann na páistí, “Is féidir leis caint!”. Anois ba mhaith le gach éinne é a thabhairt abhaile.
“Bhuel nílim just ábalta caint, táim ábalta canadh…” Agus leis sin, tosnaíonn Tom ag canadh, “Shake it Off”.
Tá gach éinne ag rince. Críochnaíonn Tom an t-amhrán agus bíonn bualadh bos mór. Deireann an múinteoir, “Caithfimid é a chaitheamh amach!”
“No!” a deireann na páistí…