An Tósta sa Choill
Fighting Words na Gaeltachta, SN Dhumha Thuama, Béal an Átha, Co. Mhaigh Eo, Rang 3,4,6, 19 Deireadh Fómhair 2026
Oíche scanrúil, dhubh dhorcha a bhí ann. Bhí an ghaoth ag séideadh go láidir. Ní raibh tú ábalta an ghealach a fheiceáil. Bhí na crainn ag lúbadh.
Bhí scamaill mhóra dhorcha sa spéir. Bhí a lán páistí ar an mbóthar ag imirt bob nó bia. Bhí sé chomh fuar le sioc.
Bhí a gcroíthe ina mbéal ag na páistí. Bhí stoirm ag éirí. Bhí Peadar agus Patricia i dteach sa choill. Bhí siad ag crith le heagla mar chuala siad an tósta ag preabadh amach as an tóstaer.
De bharr sin, tháinig Peadar an Púca amach agus chuaigh gach duine ón talamh go dtí an spéir. Seo an seans a bhí ag Peadar corp a thógáil.
Go tobann, thosaigh sé ag stealladh báistí. Ansin, stop Peadar agus chuaigh sé isteach ar an bhfoscadh faoi Lia an Chailleach.
“Céard é sin?! Tá sé an-scanrúil. Cé tusa?!” a bhéic Lia ar Pheadar.
Dúirt sé, “Is mise Peadar an Púca agus táim ag iarraidh tú a mharú...chuir tú mo chara Patricia an Puimpcín faoi gheasa. Tá a fhios agat céard a rinne tú.”
Thosaigh Lia ag gáire agus d’éirigh sí ar nós na gaoithe i bpúir deataigh..!