An Tiontaitheoir Óg
Fighting Words na Gaeilge, Gaelscoil an Chaistil, Rang a 7, 17 Meitheamh 2026
Bhí Seosamh Óg ag teach s’aige, agus fuair sé litir ó McDonalds ag rá go raibh post aige ag McDonalds. Cé nach raibh Seosamh óg ach 12 bliana d’aois, bhí cárta aitheantais bréige aige. Bhí cuma níos sine air.
Chuaigh sé chuig McDonalds agus bhí Ronald McDonald ag cur traenáil ar Sheosamh.
Ansin, bhí Seosamh iontach maith ag tiontú na mburgar agus bhí sé an-ghasta ag cur na bpáipéar ar na burgair. Chur sé ionadh ar Ronald.
“Tá Seosamh iontach maith aige seo,” arsa Ronald.
Shocraigh Ronald Seosamh a chur i gcomórtas McDonalds le burgair a thiontú.
Mar gheall ar an tallann atá aige, níor mhaith leis a phost a chailliúint. Ach beidh sé i dtrioblóid má thagann aon duine ar an gcárta aitheantais bréige.
Bhí sé ag tiomáint chuig an chomórtas agus ansin stop na gardaí é mar gheall go raibh sé ag tiomáint ag luas lasrach…