Slippy Timmy agus an Síota Draíochta

Image
Slippy Timmy agus an Síota Draíochta

Fighting Words na Gaeilge, Scoil Chaoimhín, Rang a 1 agus 2, 25 Meitheamh 26

Lá amháin bhí Slippy Timmy ag titim i bpoll sa pháirc. Bhí Slippy Blippy sa pháirc ag titim chomh maith.

Chuaigh Slippy Blippy abhaile mar go raibh sé chun seacláid a ithe. Ar a bhealach abhaile bhí sé ag titim.

Lean Slippy Timmy é agus bhí an-tuirse air agus bhí sé ag dul a luí. Bhí Slippy Timmy ag titim an lá ar fad.

 

Image
Slippy Timmy agus an Síota Draíochta

Bhí Slippy Timmy ag titim as a leaba. Ní raibh sé in ann fanacht sa leaba. Tháinig síota ón sú a bhí in aice le teach Slippy Timmy agus bhí sé ag bualadh ar dhoras an tí.

Bhí an síota in ann cumhacht draíochtúil a thabhairt do Slippy Timmy chun go mbeadh sé an-chliste.

Thosaigh Slippy Timmy ag léamh agus thuig sé conas gan a bheith ciotach a thuilleadh ….

 

Image
Slippy Timmy agus an Síota Draíochta