Aaron an Gasúr a Thiontaigh Isteach Ina Oreo
Fighting Words Gaeilge, Gaelscoil na Daróige, Rang a 6, 28-11-24
Fadó, fadó i sráid bhí cónaí ar arracht darbh ainm Aaron. Bhí sé ag ithe cuid mhór Oreo - céad Oreo in aghaidh an lae. Bhí a Mhamaí iontach míshásta leis agus bhí an fiaclóir iontach míshásta leis fosta.
“Mura stadann tú ag ithe na hOreos, tiontóidh tú isteach i d’Oreo. Stad ag ithe na hOreos anois!” a dúirt an fiaclóir go míshásta.
Uair amháin bhí sé ar scoil agus chonaic sé gasúr ag caitheamh amach pacáiste lán d’Oreos. D’alp sé iad uilig as an mbruscar. Go tobann, d’athraigh sé isteach ina Oreo OLLMHÓR RAMHAR! Bhí eagla an domhain air mar bhí gach duine sa rang ag amharc air agus ag gáire faoi agus bhí roinnt de na páistí ag iarraidh é a ithe. Bhí roinnt de na páistí ag éirí ramhar agus iad ag iarraidh Aaron a ithe.
“Ná bí buartha, tá do chara anseo le cuidiú leat,” arsa Jimí an Milseán, cara Aaron.
Ansin dúirt Jimí, “Caithfidh muid dul anois! Tá Marty an Malteser ag caitheamh amach gach Oreo agus milseán…”