1, 2, Spraoi
Teideal: 1, 2, Spraoi!
Údair: Daltaí Rang a 6 as Gaelscoil Bhaile Munna, Scoil Uí Ghramhnaigh Ráth Chairn agus Rang a 5/ 6 as Scoil Náisiúnta Thír an Fhia.
Dáta Foilsithe: Meitheamh 2024
Cur síos: Cnuasach scéalta matamaitice a shníonn coincheapa matamaitice le scéalaíocht shamhlaíoch atá sa leabhar seo. An éireoidh le Róbó agus JJ deireadh a chur leis an mata? An mbeidh Colm Ciúb agus Saoirse an Sorcóir in ann cruth nua a aimsiú? Cé aige a bheidh an lá sa rása sráide — Ronnie Fox, Dan Diesel nó Terry Crews?
Is comhthogra a bhí anseo idir Fighting Words, COGG agus an Roinn Matamaitice in Institiúd an Oideachais i DCU. Tagann sé le haidhmeanna churaclam matamataice nua na bunscoile (DES, 2023), mar shampla feidhm a bhaint as modhanna teagaisc spraíúla. Thug COGG, Oifigí Pleanála Teanga Co. na Mí agus Glór nan Gael, Cheantar na nOileán maoiniú flaithiúil don togra seo.