Táimid ag Fostú!/We Are Hiring! - Comhordaitheoir Tionscadail Gaeilge
Táimid ag Fostú!/We Are Hiring! - Comhordaitheoir Tionscadail Gaeilge
Deis spreagúil le bheith ag obair le Fighting Words na Gaeilge!
Tá Fighting Words ag lorg Comhordaitheoir Tionscadail Gaeilge a bheidh freagrach as ceardlanna, tograí, agus eile trí Ghaeilge a eagrú agus a sholáthar lasmuigh den Ghaeltacht.
Cuireann Fighting Words ceardlanna scríbhneoireacht chruthaitheach trí Ghaeilge ar fail saor in aisce do pháistí, daoine óga agus grúpaí eile ar fud na tíre.
Bíonn ceardlanna ar siúl trí Ghaeilge le Gaelscoileanna, scoileanna eile, grúpaí óige agus pobail.
Tá formhór mór an éilimh i mBaile Átha Cliath le tromlach na gceardlann á seachadadh san ionad ar Sráid Ruiséal. Bíonn gá le teastail go dtí láthair eile ó am go h-am.
Déan iarratas inniu chun páirt a ghlacadh inár bhfoireann iontach!
Le Fighting Words bíonn béim i gcónaí ar an gcruthaitheacht, ar an tsamhlaíocht, agus ar an spraoi. Is ar an duine ina iomláine atá muid dírithe i Fighting Words, agus cuirimid luach ard ar an bhféinmhuinín agus ar mheas a léiriú dá chéile.
Post lánaimsearach áta i gceist ar chonradh sealeadach – Mean Fomhair 2024 go Meitheamh 2025 – le feidearthacht síneadh a chur leis ag brath ar mhaoiniú.
Íocfar €3,141.17 in aghaidh na míosa, sin €37,694 pro rata mar thuarastal comhlán in aghaidh na bliana.