Seoladh Leabhair - Club Cleite 2026
Foilseachán nua ó Chlub Cleite Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
Tháinig an Club Cleite, grúpa daltaí Idirbhliana as Scoil Chuimsitheach Chiaráin, le chéile i Leabharlann na Ceathrún Rua uair sa tseachtain ar feadh sé seachtaine le seisiúin scríbhneoireachta a dhéanamh.
Bhain gach duine a bhí páirteach an-sult as na seisiúin agus tréaslaíonn muid leis na scríbhneoirí óga as a gcuid oibre. Roghnaíodh ceann amháin de na scéalta le bheith i bhforlíonadh Fighting Words san Irish Times i mbliana, an scéal deireanach sa gcnuasach ó pheann Chlíodhna Ní Lochlainn, An Doras Beag. Comhghairdeas le Clíodhna!
Ba mhaith linn buíochas a ghlacadh le Máire Ní Chualáin, meantóir deonach de chuid Fighting Words, a chabhraigh leis na scríbhneoirí óga ag ‘chuile sheisiún agus leis an múinteoirí Bridie Ní Shúilleabháin a thug ‘chuile thacaíocht don togra ón tús.
Buíochas mór le foireann na leabharlainne a chuir fáilte mhór romhainn ‘chuile sheachtain le sóláistí deasa! Buíochas freisin le Fiona Clancy a rinne an dearadh, le foireann CL Print agus leis an OPT, Rhona Ní Chearbhaill, Pobal Rua. Ní neart go cur le chéile!