Scéalta agus Dánta Nua as Gaeilge

Scéalta agus Dánta Nua as Gaeilge!
Foilseachán nua ó Fighting Words Chonamara!
Bhí scéim phíolótach ar siúl idir Fighting Words Chonamara agus Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin (GRETB) anuraidh. An aidhm a bhí ann ná deis a thabhairt do dhaoine óga teacht le chéile le bheith ag scríobh go cruthaitheach trí Ghaeilge. Socraíodh campa samhraidh scríbhneoireachta sé seachtaine a rith ar líne.
D'fhreastal dáréag déagóir as chuile aird den tír ar an gcampa. Chruinnigh siad le chéile gach Máirt ar Zoom ar feadh uair go leith faoi stiúir Bhríd-Treasa Wyndham, Comhordaitheoir na gClár Gaeilge le Fighting Words agus na meantóirí deonacha eile.

D'fhreastal dáréag déagóir as chuile aird den tír ar an gcampa. Chruinnigh siad le chéile gach Máirt ar Zoom ar feadh uair go leith faoi stiúir Bhríd-Treasa Wyndham, Comhordaitheoir na gClár Gaeilge le Fighting Words agus na meantóirí deonacha eile.
"Pléisiúr agus pribhléid a bhí ann a bheith ag obair leis an ngrúpa scríbhneoirí óga seo. Bhí téama difriúil againn chuile sheachtain agus bhí tascanna scríbhneoireachta le déanamh acu. Ba iontach go deo an méid samhlaíochta a tháinig ón ngrúpa. Tá mé an-ríméadach go bhfuil muid anois ag foilsiú sampla den obair a déanadh i rith na sé seachtaine sin," a dúirt Bríd-Treasa.
"Bhí sé de phléisiúr agam ceardlann a chur ar fáil do ghrúpa daoine óga atá ag plé leis an scríbhneoireacht chruthaitheach i nGaeilge le Fighting Words" - Tadhg Mac Dhonnagáin
Bhí an scríbhneoir iomráiteach Tadhg Mac Dhonnagáin mar aoichainteoir sa chiúgiú seachtain. Thug sé a lán eolais do na scríbhneoirí óga agus bhí deis acu ceisteanna a chur air maidir lena chuid oibre agus a chur chuige.
"Bhí sé de phléisiúr agam ceardlann a chur ar fáil do ghrúpa daoine óga atá ag plé leis an scríbhneoireacht chruthaitheach i nGaeilge le Fighting Words. Ba spreagúil, samhailteach an grúpa iad a bheith ag caint leo. Bhí mé an-tógtha leis an bhfócas a bhí acu, an paisean a bhí acu don scríbhneoireacht agus an fonn a bhí orthu éisteacht go hoscailte le smaointe nua. Molaim go hard an tionscadal Fighting Words atá ag cur go mór le saol na samhlaíochta i measc na hóige in Éirinn," arsa Tadhg.
Comhghairdeas!
Comhghairdeas leis na scríbhneoirí óga ar fad a bhí páirteach: Éire Ní Fhaoláin, Chulainn Ó Faoláin, Sinéad O’Reilly, Aisling Ní Nuanáin, Niamh Masún, Stephen Rooney, Anú Nic Ruairí, Siobhán Ní Mhistéil, Caoimhe Ní Chuinn agus John Ward.
Is féidir na píosaí a léamh!