Scaip an Scéal: Jimmy agus Taidhgín Ag Rith Thimpeall Chois Fharraige!

Image
Teideal Scaip an Scéal

Tá an dara scéilín ón Togra Scaip an Scéal foilsithe!

Tá an dara scéilín ó ghasúir bhunscoile Chonamara foilsithe. Tar éis don chéad scéal a theacht amach in earrach na bliana 2022, d'oibrigh ár gcuid meantóirí le grúpaí eile scríbhneoirí óga iontacha ar an togra Scaip an Scéal. 

Tháinig gasúir as scoileanna cheantar Chois Fharraige, as Ros a'Mhíl go dtí na Forbacha, le chéile leis an scéal Jimmy agus Taidhgín ag rith thimpeall Chois Fharraige a scríobh. D'oibrigh na scríbhneoirí óga le foireann Fighting Words chun an scéal seo a chur i dtoll a chéile. Scríobh na cúig scoil a bhí páirteach caibidil amháin den scéal agus tá béim i chuile chaibidil ar an bpobal agus ar an gceantar a bhfuil na gasúir ina gcónaí ann. 


Image
Scaip an Scéal 2022 image 3

"Ba mhór an phribhléid a bheith ag obair le scríbhneoirí óga Chois Fharraige ar an scéilín seo. Is léir go bhfuil neart samhlaíochta agus spraoi sna scoileanna agus tá sé sin le léamh go soiléir sa leabhar. D'oibrigh muid i bpáirt le hOifig Pleanála Teanga Chois Fharraige ar an togra seo agus tá muid buíoch d'Aoife Ní Chonghaile agus do Khatie Ní Loingsigh a thug an oiread tacaíochta dúinn.

Tá muid an-bhuíoch do Dara McGee a rinne obair iontach ar na pictiúir agus do Bhaba S. Ní Loingsigh a rinne an chlóscríobh ar fad! Ní neart go cur le chéile!" a dúirt Bríd-Treasa Wyndham, Comhordaitheoir na gClár Gaeilge.


Comhghairdeas leis na scríbhneoirí iontacha!

Tugadh cóip den leabhar do na scríbhneoirí óga ar fad ag ócáid i Stiúideo Cuan sa Spidéal, áit ar sheol an scríbhneoir áitiúil Gemma Breathnach an leabhar. Comhghairdeas leis na scríbhneoirí iontacha ar fad ó Scoil Cholmcille, Ros a’Mhíl, Scoil Cholmcille, An Tulach, Scoil Sailearna, Na hAille, Scoil Éinne, An Spidéal agus Scoil Náisiúnta na bhForbacha.

Is féidir an scéal a íoslódáil saor in aisce ó shuíomh idirlín Fighting Words. 

Cliceáil ar an nasc thíos le sult a bhaint as an scéal! 


Image
Scaip an Scéal 2022 image 4
Image
Scaip an Scéal 2022 image 5
Image
Scaip an Scéal 2022 image 6
Image
Scaip an Scéal 2022 image 7

Nuacht agus Naisc Eile