Scaip an Scéal 2022!

Image
Scaip an Scéal 2022 image 2

Scaip an Scéal 2022

In earrach na bliana seo thug Fighting Words Chonamara faoi chomhthogra le Glór na nOileán, Oifig Pleanála Teanga Cheantar na nOileán.

Scríobh na hardranganna as na scoileanna ar fad sa gceantar caibidil amháin de scéal agus tá toradh a gcuid oibre le feiceáil sa leabhar "Bob Beag an Caimiléir" - scéal lán le samhlaíocht agus greann!

Beidh an leabhar á sheoladh an 8 Bealtaine i Halla Thír an Fhia ag a 3 a chlog.

Tréaslaíonn muid leis na scríbhneoirí óga ar fad as Scoil Bhríde, Leitir Caladh, Scoil Cholmcille, Leitir Móir, Scoil Náisiúnta Thír an Fhia, Scoil Rónáin, An Trá Bháin agus Scoil Náisiúnta Leitir Mealláin.

Image
resize