Níl Aon Teorainn le Cúig - Tá sé anseo!

I mí Eanáir 2021, d'iarr Fighting Words ar scríbhneoirí ó 12 go 212 bliain d'aois fáil amach faoi domhan mórthimpeall orthu agus a gcuid smaointí agus freagairtí cruthaitheacha a roinnt linn.

D'éirigh thar cionn leis an togra agus tá an-ríméad orainn é a roinnt libh anseo.

Mar chuid de shrianta Leibhéal 5 an Rialtais de bharr Covid-19, ní raibh cead ag daoine i bPoblacht na hÉireann dul taobh amuigh de theorainn 5km ó bhaile. Bhí bealaí éagsúla ag scríbhneoirí ciall a bhaint as 5x5:

  • Dán i gcúig fhocal nó i gcúig líne

  • Scéal i gcúig alt

  • Léaráid le cúig dhath

  • Cúig rud i bpictiúr a insíonn a scéal

  • Agus neart eile!

Tá os cionn 300 scéal, dán, léaráid agus scannán i Níl Aon Teorainn le Cúig. Tá súil againn go mbainfidh sibh taitneamh astu. Tháinig iarratais as chuile choirnéal d'oileán na hÉireann agus as áiteanna eile nach iad, i mBéarla agus i nGaeilge.

Tá súil againn go dtabharfaidh Níl Aon Teorainn le Cúig deis daoibh féachaint ar aghaidh chomh maith le deis a thabhairt daoibh súil a chaitheamh siar.

ENGLISH