Maoiniú €300,000 Thar Thréimhse Trí Bliana Ceadaithe ag an Aire Calleary do Fighting Words!
Maoiniú €300,000 thar thréimhse trí bliana (2025-2028) ceadaithe ag an Aire Calleary do Fighting Words!
Tá áthas orainn gur fhógair an tAire Dara Calleary, TD, maoiniú €300,000 le déanaí dár gclár Gaeilge. Tacóidh sé seo le scríbhneoireacht chruthaitheach do dhaoine óga sa nGaeltacht agus i nGaelscoileanna ar fud na tíre a chur chun cinn go dtí 2028!
Cuirfidh an deontas seo ar ár gcumas ár gcuid oibre a leathnú amach agus ceardlanna, campaí agus tionscadail leabhar saor in aisce i nGaeilge a thairiscint sna trí bliana amach romhainn. D’oibríomar le breis agus 25,000 dalta in 2024 amháin agus táimid ag tnúth le tuilleadh scéalta nua amach anseo!
Spreagann cláir Fighting Words an scéalaíocht, an mhuinín agus an grá don Ghaeilge, rud atá ríthábhachtach don teanga féin agus d’fhorbairt phearsanta leanaí agus daoine óga.
We are thrilled that Minister Dara Calleary TD recently announced €300,000 in funding for our Irish language programme, supporting creative writing for young people in Gaeltacht areas and Gaelscoileanna nationwide until 2028!
This grant will allow Fighting Words to expand our work and offer free workshops, camps book projects in Irish over the next three years. We worked with over 25,000 students in 2024 alone and look forward to even more new stories!
Fighting Words programmes encourage storytelling, confidence and love for the Irish language, which is vital for both the language and personal growth for children and young people.
Tá na sonraí iomlána san áireamh sa phreasráiteas ón Roinn Gnóthaí Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta.
Cliceáil ar na naisc thíos!