Forlíonadh Fighting Words 2023 san Irish Times - Glaoch ar Iarratais ó Dhaoine Óga!

Faigh amach níos mó faoin mbealach a bhféadfadh ábhar LEATSA a bheith foilsithe sa bhforlíonadh bliantúil a bhíonn ag Fighting Words san Irish Times!
Foilsíonn Fighting Words irisleabhar gach bliain de scríbhneoireacht úrnua spreagúil ó dhaoine óga ar fud na tíre i bpáirt leis an Irish Times.
Tá an-áthas orainn a fhógairt go bhfuil muid ag glacadh le hiarratais anois ó dhaltaí meánscoile le bheith curtha san áireamh inár bhforlíonadh san Irish Times in 2023.
Cuir isteach píosaí scríbhneoireachta, inis don déagóir is gaire duit faoi nó bíodh sceitimíní ort faoi go ginearálta! Cibé ceann acu sin a bhaineann LEATSA.
Treoirlínte Iarratais
(Tá sé seo tábhachtach. Léigh ina iomláine é le do thoil.)
Táimid ag cuardach píosaí gearra ficsin ar aon téama.
- Iarratas amháin (1) próis an duine, is féidir le filí dhá (2) dhán a chur isteach.
- Líon focal: uasmhéid 1,500 focal.
- TÁBHACHTACH: Leagan amach – Times New Roman, clómhéid 12, spásanna dúbailte. Le ceangal leis an ríomhphost mar cháipéis Word. NÁ seol PDF nó iarratais lámhscríofa.
NÁ DÉAN DEARMAD:
- D’ainm (céadainm agus sloinne)
- D’aois
- Do scoil
- Do ríomhphost
- Eolas tuismitheora/caomhnóra: ainm, uimhir fóin agus ríomhphost
- Líon focal
Spriocdháta: Le bheith istigh faoin 5pm Dé hAoine 2 Nollaig 2022.
Ba cheart saothair a chur isteach chuig: fiction@fightingwords.ie.
Ná déan dearmad an t-eolas ar fad thuas a chur san áireamh.
Táimid ag glacadh le hiarratais as Béarla agus as Gaeilge!
Téarmaí agus Coinníollacha Tábhachtacha
- Ní féidir linn ach méid áirithe píosaí a fhoilsiú ó na saothair ar fad a chuirtear isteach faraor. Beidh muid i dteagmháil leat maidir le toradh na n-iarratas ar fad, rathúil nó mírathúil, chomh luath agus a bheidh críoch curtha leis an bpróiséas eagarthóireachta.
- Bíodh is gur gearrscéalta ficsin is mó a bheidh san irisleabhar, má tá aon duine ag obair ar mhonalóga, scripteanna, dánta, greannáin, srl. tá fáilte rompu iad a chur isteach, mar aon le sleachta ó phíosaí níos faide. Cuirfear gach cineál iarratas san áireamh.
- Cuirimid fáilte roimh obair in aon seánra nó stíl agus a bhaineann le haon téama. I gcás nár cuireadh obair isteach trí mhúinteoir nó trí thuismitheoir/chaomhnóir, áfach, bí ar an eolas gur féidir linn teagmháil a dhéanamh leis na tuismitheoirí agus/nó an scoil má tá aon imní orainn faoi shláinte an scríbhneora óig de bharr na cineál oibre a chuireann siad isteach. Níl aon tionchar aige seo ar an bpróiséas eagarthóireachta a roghnaíonn ábhar le foilsiú.
- Tiocfaidh cóipeanna den irisleabhar amach leis an Irish Times faoi dheireadh an Earraigh 2023. Ní bheidh aon íocaíocht ar shaothar foilsithe.
Ceisteanna?
Má bhíonn aon cheist agat ar chor ar bith, ná bíodh aon drogall ort teagmháil a dhéanamh le mark@fightingwords.ie.