Fighting Words Chonamara!

Cuireann Fighting Words Chonamara ceardlanna scríbhneoireachta as Gaeilge ar fáil do dhaoine óga! Is deis mhaith í seo tabhairt faoi obair dheonach thaitneamhach le solúbthacht ama. Bí linn agus bí mar chuid den fhoireann seo atá ag dul i dtreise agus i méid. Beidh tú ag cabhrú le daoine óga a gcuid samhlaíochta a úsáid chun scéalta a insint agus a scríobh. Cliceáil anseo chun castáil le roinnt de na hoibrithe deonacha atá cheana féin ag obair le Fighting Words Chonamara.