Fighting Words agus Áras Éanna ag Cruinniú na nÓg
Tá áthas orainn ag Fighting Words Chonamara a bheith ag obair le hÁras Éanna ar thogra speisialta do Chruinniú na nÓg 2021. Tá Áras Éanna 21 bliain ar an bhfód i mbliana agus mar chuid den cheiliúradh beidh muid ag obair le daltaí as Scoil Náisiúnta Chaomháin, Inis Oirr.
Ar an Mháirt, 1 Meitheamh, beidh na daltaí ag cruthú scéalta bunaithe ar an oileán le foireann Fighting Words. Beidh an dara ceardlann acu ansin, áit a mbeidh siad ag obair le stiúrthóir ealaíne Áras Éanna, an t-ealaíontóir Dara McGee, chun íomhánna a chruthú bunaithe ar a gcuid scéalta nua-scríofa.
Beidh scéal agus pictiúir gach páiste le feiceáil mar chuid de thaispeántas Chruinniú na nÓg taobh amuigh den scoil. Beidh an saothar seo le feiceáil freisin i rith an tsamhraidh in aice leis an taispeántas amuigh faoin aer, ‘Curracha’ a bheidh mar chuid d’Áras Éanna@21, áit a mbeidh 21 ealaíontóir gairmiúil ag taispeáint a gcuid oibre.
