Éist Siar le Scéalta!

Image
Raidio na Life 2

Scéalta ar an raidió!

Bhain daltaí ó Rang a 3-6 i Scoil Chaitlín Maude taitneamh as cuairt speisialta ar stáisiúin Raidió na Life, áit ar ghlac siad páirt i gceardlann scéalaíochta cruthaitheach le Fighting Words na Gaeilge.

 

Tar éis dóibh a scéalta samhlaíocha féin i nGaeilge a scríobh, bhí an deis iontach ag na daltaí dul isteach sa stiúideo agus a gcuid oibre a thaifeadadh. 



Ba chuimhneachán álainn é seo dóibh le ceiliúradh a dhéanamh ar an gcruthaitheacht, ar an bhféinmhuinín, agus ar chumhacht ghuthanna óga. 
 

Is féidir éisteacht siar leis na scéalta anseo: