An Comhrá Náisiúnta ar an Oideachas – Suirbhé

Image
Comhdháil Náisiúnta ar an Oideachas – Suirbhé
Comhdháil Náisiúnta ar an Oideachas – Suirbhé

Cuir do thuairim in iúl chun tionchar a imirt ar chóras oideachais na hÉireann do na blianta fada amach romhainn!

Tá an Roinn Oideachais tar éis An Comhrá Náisiúnta ar an Oideachas a sheoladh, suirbhé mór náisiúnta atá deartha chun tuairimí agus léargais a bhailiú faoi thodhchaí an oideachais in Éirinn. Tugann sé deis ar leith do pháistí, do dhaoine óga, do thuismitheoirí, do mhúinteoirí agus don phobal i gcoitinne a gcuid tuairimí a chur in iúl.

Beidh tionchar ag na freagraí ar an gcaoi go gcruthófar eispéiris foghlama do dhaoine óga in Éirinn don chéad ghlúin eile. Trí pháirt a ghlacadh i suirbhé an Chomhrá Náisiúnta, is féidir leat aird a tharraingt ar an tábhacht a bhaineann leis an scríbhneoireacht chruthaitheach, an chruthaitheacht féin, na healaíona agus leis an gcultúr san oideachas mar thosaíochtaí le breithniú a dhéanamh orthu. 


Cabhróidh do thuairimí le múnlú a dhéanamh ar na ceisteanna a bheidh le plé: cad ba cheart a athrú, cad ba cheart a chur chun tosaigh, agus conas is féidir cúrsaí oideachais a fheabhsú do gach páiste agus duine óg.

Déanfar anailís ar an méid a bheidh ráite sa suirbhé chun téamaí a aithint do chruinnithe na Comhdhála ar an Oideachas a bheidh ar siúl in 2026.

Fáilteofar roimh gach aiseolas sa suirbhé seo — féadfaidh tú an méid is mian leat a rá, go leor nó beagán.


Dúnfaidh suirbhé an Chomhrá Náisiúnta ar an Oideachas ar 28 Feabhra 2026.

Nasc leis an suirbhé.