Club Cleite na Múinteoirí - Bígí Linn!
Image
Tá ríméad orainn clár nua a fhógairt dar teideal Club Cleite na Múinteoirí atá á reáchtáil againn i gcomhar le hOide Creativity.
Is pobal de mhúinteoirí a bhfuil spéis acu sa scríbhneoireachta chruthaitheach é Club Cleite na Múinteoirí a thagann le chéile ar líne.
Thar thrí cheardlann ó mhí Feabhra go mí Aibreáin, beidh an deis ann:
- Tabhairt faoin scríbhneoireacht chruthaitheach
- Cleachtas cruthaitheach sa seomra ranga a phlé le múinteoirí eile
- Foghlaim ó na haoi-scríbhneoirí Anna Heussaff agus Alex Hijmans
Tá fáilte roimh gach múinteoir (aon ábhar, aon leibhéal) agus níl taithí scríbhneoireachta de dhíth!
Dátaí agus am:
- 5 Feabhra
- 4 Márta
- 16 Aibreán
Ó 7pm - 8.30pm
Tá áiteanna teoranta!