Clár Gaeilge Fighting Words sa Nuacht!

Image
Cula 4 1

Clár Gaeilge Fighting Words sa Nuacht! Fighting Words Irish Language Programmes in the News!

Tá eolas faoinár gceardlanna Gaeilge agus na deiseanna atá againn maidir le obair dheonach le feiceáil ar an teilifís agus le cloisteáil ar an raidió!

Ceardlanna do Scoileanna

Chuir Katelyn Hayes agallamh le déanaí ar an gComhordaitheoir Tionscadail Gaeilge Ola Majekodunmi ar Nuacht Cúla 4. Labhair siad faoinár gceardlanna, a chuireann an Ghaeilge chun cinn i slí cruthaitheach do scoileanna lasmuigh den Ghaeltacht. Sa mhír seo, a craoladh ar an 15ú Eanáir 2024, bhí áthas ar dhaltaí rang a 4 ó Ghaelscoil Inse Chór na scéalta iontacha a scríobh siad le linn na ceardlainne agus an t-eispéireas a bhí acu san ionad a roinnt le Katelyn.

Our Irish language workshops and volunteer opportunities have been featured on television
and radio!

Workshops for Schools
Recently, our Irish Language Co-ordinator Ola Majekodunmi was interviewed by Katelyn Hayes on Nuacht Cúla 4 about our workshops, which bring the Irish language to schools
outside the Gaeltacht.

The segment, broadcast on 15th January 2024, features pupils from rang a 4 from Gaelscoil Inse Chór, delightedly sharing with Katelyn the wonderful stories and their experience at our
centre they wrote during the workshop.



Obair Dheonach trí Ghaeilge

Labhair Ola le Tristan Rosenstock ar 'An Cúinne Dána,' ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Rinne Ola cur síos ar a cuid oibre ag Fighting Words agus go bhfuil níos mó oibrithe deonacha le Gaeilge ag teastáil chun tacú le daoine óga agus iad i mbun scríbhneoireacht chruthaitheach linn.

Volunteering through Irish

Ola also spoke with Tristan Rosenstock on RTÉ Raidió na Gaeltachta’s ‘An Cúinne Dána,’ where Ola described about her work at Fighting Words and the need for more Irish-speaking
volunteers to support creative writing opportunities for young people.She also put out a call for Irish-speaking volunteers to assist with our workshops.


Image
Cula 4 3

Bí linn mar mheantóir deonach!

Táimid i gcónaí ag lorg meantóirí deonacha nua chun cabhrú linn lenár gceardlanna, a bhíonn saor in aisce, do leanaí agus do dhaoine óga.

Níl Gaeilge ‘foirfe’ de dhíth ort agus tá ár bhfoireann ar fáil chun neart tacaíochta a chur ar fáil! Bíonn ár gceardlanna ar siúl inár n-ionaid i gConamara, i mBaile Átha Cliath (Cearnóg Behan) agus ar líne le scoileanna.

An bhfuil suim agat níos mó eolais a fháil? Cliceáil thíos chun teagmháil a dhéanamh leis an bhfoireann!

Join Our Volunteer Team!

We are always looking for new volunteer mentors to assist at our free workshops for children and young people. You don’t need flawless Irish and our staff team is on hand to provide
plenty of support!

Our workshops run in our centres in Conamara and Dublin as well as in schools and online.

Interested in finding out more? Click below to contact our team!