Claochlú - Obair mhór ar bun ag scríbhneoirí óga sa Spidéal

Claochlú - Obair mhór ar bun ag scríbhneoirí óga sa Spidéal!
Chláraigh dáréag déagóir don chúrsa scriptscríbhneoireachta Claochlú ní ba thúisce an mhí seo. Tagann siad le chéile gach Máirt i Stiúideo Cuan sa Spidéal le ceardlanna scríbhneoireachta a dhéanamh.
Is cúrsa úrnua scríbhneoireachta é Claochlú a leagann béim ar fhorbairt na samhlaíochta chun carachtair nua a chruthú a dtiocfaidh athrú iomlán orthu tríd an scéal. Tá oiliúint á cur ar na scríbhneoirí óga i gceird iomlán na scriptscríbhneoireachta - ag cruthú coimhlinte, aistear an charachtair, an struchtúr trí-ghníomh agus an tábhacht a bhaineann le fadhbanna a chruthú i saol an charachtair.

"Tá ríméad orm go bhfuil an cúrsa seo faoi lán seoil anseo i Stiúideo Cuan. Tá grúpa iontach daoine óga páirteach ann agus iad ag baint taitnimh agus tairbhe as an gcúrsa go dtí seo. Is iontach an deis é do na scríbhneoirí óga seo chun a gceird a fhorbairt agus tá muid thar a bheith buíoch d’Fhoras na Gaeilge, an Chomhairle Ealaíon, Ealaín na Gaeltachta agus Fighting Words as ucht an tacaíocht ar fad chun tabhairt faoi Claochlú an Fómhar seo. Ní neart go cur le chéile," a dúirt Darach Mac Con Iomaire ó Stiúideo Cuan.
Leanfaidh an cúrsa Claochlú ar aghaidh go dtí lár mhí na Nollag agus beidh cuairteanna ann ó aoi-chainteoirí chomh maith le neart deiseanna le bheith ag breathnú ar scannáin.

Tuilleadh le feiceáil
- Léigh tuilleadh faoi Chláracha Gaeilge Fighting Words Fighting Words programmes in Irish
- Cliceáil anseo le tuilleadh a fháil amach faoi conas obair dheonach a dhéanamh le Fighting Words trí Ghaeilge volunteering through Irish