Fighting Words na Gaeilge
Cuireann muid ceardlanna scríbhneoireacht chruthaitheach trí Ghaeilge ar fáil saor in aisce do pháistí bunscoile, do dhaltaí meánscoile agus do ghrúpaí pobail eile.
Páistí ag ceardlainn as Gaeilge in ionad Bhaile Átha Cliath
Fáilte chuig Fighting Words na Gaeilge!
Tá ceardlanna scéalaíochta as Gaeilge ar fáil ar fud na tíre.
Bíonn na ceardlanna ar fáil do bhunscoileanna, do mheánscoileanna, agus do ghrúpaí éagsúla eile sa phobal. Bíonn na ceardlanna ar siúl trí Ghaeilge, le béim i gcónaí ar an gcruthaitheacht, ar an tsamhlaíocht, agus ar an spraoi. Is ar an duine ina iomláine atá muid dírithe i Fighting Words, agus cuirimid luach ard ar an bhféinmhuinín agus ar mheas a léiriú dá chéile.
Is féidir linn ceardlanna a chur ar fáil ar líne tríd an gcóras Zoom, nó is féidir freastal ar cheardlann ar an láthair in Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh i gConamara nó in Ionad Fighting Words i mBaile Átha Cliath. Bíonn gach ceardlann Fighting Words saor in aisce.
Struchtúr:
Maireann an cheardlann dhá uair an chloig. Scríobhann an grúpa tús scéil le chéile sa chéad leath den seisiún, agus ansin sa dara leath bíonn seans ag gach duine a gcuid scríbhneoireachta féin a dhéanamh- in aon seánra gur mian leo! Tugtar an seans do gach duine gabháil ag a luas féin, agus is féidir a bheith páirteach i scéalaíocht scríofa agus i scéalaíocht ó bhéal.
Ag deireadh na ceardlainne bíonn deis ag daoine a gcuid oibre a roinnt. Tugtar leabhrán do gach duine le tús an scéil agus pictiúir anmhaisitheora ann, le gur féidir leo toradh a gcuid oibre a bhreith leo abhail
Foghlaim Níos Mó Faoinár gCeardlanna!
Sa bhfíseán seo, feicfidh tú an leagan amach a bhíonn ar cheardlann ag Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh, Ros Muc.
Bíonn a mhacasamhail seo le fáil in ionad Fighting Words i mBaile Átha Cliath freisin, nó is féidir linn ceardlann a chur ar fáil ar líne mura féidir teacht chomh fada linn.
Meantóirí:
Bíonn meantóirí deonacha mar chuid lárnach de cheardlanna Fighting Words, agus bíonn siad ann le muinín agus samhlaíocht na rannpháirtithe a spreagadh. Faigheann gach meantóir traenáil agus déantar agallamh agus grinnfhiosrúchán ar gach duine. Is seans iontach a bhíonn sa mheantóireacht a bheith páirteach sa domhan scríbhneoireachta, agus cruthaitheacht dhaoine óga a chur chun cinn.
Tá níos mó eolais faoi mheantóireacht deonach le fáil thíos!
Cliceáil anseo chun cuid de na scéalta iontacha atá scríofa ag páistí bunscoile a fheiceáil!
Tuilleadh Eolais agus Naisc
Más mian leat ceardlann a chur in áirithe, clárú linn mar mheantóir deonach, nó má tá ceist ar bith agat, bí i dteagmháil linn.
- Le gníomhaíochtaí Gaeltachta a phlé, bí i dteagmháil le Bríd-Treasa bridtreasa@fightingwords.ie
- Le gníomhaíochtaí Gaeilge taobh amuigh den nGaeltacht a phlé, bí i dteagmháil le Ola Majekodunmi ag ola@fightingwords.ie