Fighting Words na Gaeilge
Cuireann muid ceardlanna scríbhneoireacht chruthaitheach trí Ghaeilge ar fáil saor in aisce do pháistí bunscoile, do dhaltaí meánscoile agus do ghrúpaí pobail eile.

Fáilte chuig Fighting Words na Gaeilge!
Cuireann muid ceardlanna scríbhneoireacht chruthaitheach trí Ghaeilge ar fáil saor in aisce do pháistí bunscoile, do dhaltaí meánscoile agus do ghrúpaí pobail eile. Déantar an obair seo le cabhair ó fhoireann de dhaoine deonacha agus bíonn an-spraoi againn! Bíonn ár gceardlanna lonnaithe in Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh i Ros Muc i gcroílár Ghaeltacht Chonamara, ach cuireann muid ceardlanna ar fáil ar líne freisin do ghrúpaí nach féidir leo teacht chomh fada linn.
Más mian leat ceardlann a chur in áirithe, más mian leat clárú linn mar dhuine deonach nó má tá aon cheist agat, bí i dteagmháil le Bríd-Treasa ag bridtreasa@fightingwords.ie
Cliceáil anseo chun cuid de na scéalta iontacha atá scríofa ag páistí bunscoile a fheiceáil!
