Turas Go Dtí an Ghealach le Seán

Aois. 11 Co. Chiarraí

Lá amháin bhí Learaí Leon ag léamh an nuachtáin nuair a léigh sé scéal go ndeachaigh Béar darb ainm Barraí ón Rúis go dtí an spás Déardaoin. 

Ghlaoigh Learaí ar a chara Ruairí Rínó, dúirt sé leis go gcaithfeadh siad dul níos faide ná a chuaigh Barraí.

Dúirt Ruairí go rachaidís go dtí an ghealach, d’aontaigh Learaí leis seo agus away leo ag déanamh spás long.

Fuaireadar gach rud a bhí ag teastáil chun long spáis a dhéanamh ar nós adhmad, cnámha agus duilleoga. Theastaigh ó Ruairí rud éicint compórdach a chur ar na cathaoireacha mar bhí siad déanta as cloch. Mar sin nuair a thit Learaí ina chodladh bhearr Ruairí a ghruaig le rásúr agus chuir sé ar na cathaoireacha   cloiche an ghruaig.

An lá ina dhiaidh bhéic Learaí agus dhúisigh sin Ruairí. Chuir sé ceist ar Ruairí, cá ndeachaigh a ghruaig. Dúirt Ruairí nach raibh a fhios aige, le rásúr ina lámh aige.  Bhí Learaí crosta agus náirithe.

Ní raibh ach rud amháin uatha agus bheadh acu.

Ba ea sin diesel uaine. N’fheadar cá fuaireadar é ach fuair siad jerry can lán dó.

Líonadar an long spáis suas agus away leo go dtí an ghealach.

Nuair a bhí Learaí ag tiomáint bhí an t-ádh leo nach bhuaileadar leis na gardaí mar ní raibh a cheadúnas tiomána ag Learaí agus ar shlí in airde bhuail sé gach aon  cloch is réalt.

Ar deireadh thiar thall bhíodar ag an ngealach. Thóg Ruairí a cheamra amach agus thóg sé féinín agus sheol sé abhaile é.

Animal Image: