An Trí Madra agus an Coimthíoch le Róisín

Aois. 10 Co. Chiarraí

Haigh, is mise Steve. Mairim le Rúbaí sa Ghearmáin. Tugann Rúbaí aire dom. Is breá liom Rúbaí agus gan dabht, feoil. Tá dath donn orm. Ná habair le héinne, ach gach oíche, a fhad is a bhíonn Rúbaí ina codladh, léimim amach an fhuinneog agus sábhálaim an domhan leis na madraí eile sa bhaile!

Is breá liom é. Tá triúr againn ann, mise, an bas, Dave agus Jim. Bhuel, mise agus Dave, tagann Jim in éineacht linn.

Caithfidh mé an domhan a shábháil agus a bheith sa bhaile sula ndúisíonn Rúbaí.

Ach oíche amháin bhí sé dubh dorcha lasmuigh, tharla an rud is measa riamh. Bhíomar ag siúl agus chasamar timpeall agus bhí Jim imithe.

Ar dtús cheapamar go bhfaca sé feoil agus rith sé, ach tar éis tamaill chonaiceamar spáslong. Bhí ár gcroíthe inár mbéal againn.

Thosnaíomar ag rith chomh fada leis. Nuair a shroicheamar an spáslong, d’oscail sé. Tháinig Jim agus coimthíoch amach.

Dúirt Jim linn gur chabhraigh an coimhthíoch leis feoil a aimsiú. Thosnaímar ag gáire.  Díreach ansin chuimhníos ar Rúbaí. Ritheas abhaile ar nós na gaoithe. Bhí an ghrian ag éirí. 

Nuair a shroicheas an baile bhí Rúbaí díreach éirithe. Léimeas isteach tríd an fhuinneog agus thug sí barróg mhór ghroí dom.

Animal Image: