An tÉan agus an tIasc le Conall

Age 10, Co. Bhaile Átha Cliath

An t-iasc a d'imigh gan tásc gan tuairisc.

Bhí éan ina chónaí sa chrann. Bhí an crann ar shliabh mór i gcontae Chiarraí.

Lá amháin, bhí an t-éan ag eitilt thar lochán ar bharr an tsléibhe. Bhí a lán lachan ann.

Tríd cúpla lacha, chonaic an t-éan iasc mór millteach.

Chuaigh an t-éan tríd na lachain, ach bhí an t-iasc imithe.

An lá ina dhiaidh sin, bhí sé ag stealladh báistí. Bhí an t-éan ar chrann in aice leis an lochán.

Bhí sé ag faire ar iasc mór eile mar sin. Ní raibh aon cheann ansin, agus d’eitil sé i dtreo an uisce.

D’eitil na lachain i ngach treo.  Chuaigh an t-éan isteach san uisce, agus fuair sé iasc. Ach bhí sé an-bheag.

D’ith sé é agus d’eitil sé go dtí crann eile. Ansin chuaigh sé ar ais go dtí an lochán. Bhí an t-iasc ansin, ach ansin ní raibh sé ansin.

“Tá sé abálta dul as radharc, tá sin iontach!” a smaoinigh an t-éan, agus d’fhág sé an t-uisce. Ansin, sa lochán, thainig an t-iasc ar ais i radharc.

Animal Image: