Super Buddy le Seán

Aois. 9 Co. Chiarraí

Tá Super Buddy ag maireachtaint i nDún Chaoin. Is madra cairdiúil é. Tá sé chomh bán le sneachta. Is féidir leis eitilt agus is féidir leis snámh cosúil le deilf.

Bhí an chlann agus Super Buddy ag siúl i gCom Dhíneoil an deireach seachtaine seo caite. Bhí tonnta móra ann. Bhí an áit lán go barra le daoine. Bhí buachaill ag  siúl ar an tráigh. Bhuail tonn an buachaill. Thit sé isteach san uisce. Chonaic Super Buddy an buachaill. Chomh tapaigh le splanc d’eitil Super Buddy síos agus thóg sé an buachaill óg amach as an uisce. D’eitil sé thar n-ais go dtí an tráigh.  Bhí an buachaill slán sabháilte. Bhí gach duine sásta.

Fuair Super Buddy cnámh mhór ó na daoine. Bhí áthas an domhain ar Super Buddy.

Animal Image: