Na Trí Mhoncaí le Diarmuid

Age tbc An Mhí

Tá moncaí mór, moncaí beag agus moncaí beag bídeach ina gcónaí i ndufair sa Bhrasaíl. Is breá leis na moncaithe bananaí, a lán bananaí. Maidin amháin nuair a dhúisigh siad suas ní raibh aon bhananaí le feiceáil. Thosaigh moncaí beag bídeach ag caoineadh. Chuardaigh siad ar fud na dufaire. Níorbh fhéidir leo teacht ar bhanana amháin. Go tobann chonaic na moncaithe veain ag dul róthapa.

Rith na moncaithe i ndiaidh an veain, d’fhéach siad isteach. Ní raibh aon bhananaí ann. Léim siad ar dhíon an veain. Thug an veain go long mhór iad. Chonaic moncaí beag banana agus scairt sé, “féach, tá banana anseo!” Chuaigh na moncaithe ar long do bhananaí eile. Ní raibh sé i bhfad gur tháinig siad ar gach banana ón dufair. Thug an long go Meiriceá iad. Cuireadh na bananaí ar leoraithe chuig monarcha. Feiceann na trí mhoncaí go bhfuil siad ag déanamh arán banana as na bananaí! “Caithfimid iad a stopadh,” arsa na moncaithe.

Tá Garda ag gach doras. Caithfidh siad cabhair a fháil. Tá zú in aice leis an monarcha. Chuaigh moncaí beag chun na hainmhithe a fháil. Rith na moncaithe eile chuig cuaille solais, luasc siad suas go dtí an díon. Isteach leo. Feiceann moncaí mór fear ag tabhairt ordaithe. Tá sé cosúil leis an mbas. Go tobann scairt an bas, “faigh na moncaithe!”

Tá na moncaithe beagnach gafa nuair a thagann moncaí beag agus na hainmhithe ón zú ag bualadh isteach. Ritheann gach duine ón monarcha, tá eagla orthu. Ritheann na hainmhithe i ndiaidh an bhas, titeann sé chuig an talamh agus gabhtar é. Ceanglaíonn na moncaithe suas é. Cuireann na hainmhithe na bananaí go léir ar ais ar na longa. Seolann siad ar ais go dtí an Bhrasaíl. Tá na hainmhithe ón zú saor. Maireann siad go sona sásta leis na moncaithe.

Animal Image: