Mo Thuras go Cúba le Seán

Aois. 10 Co. Chiarraí

Is mise ceann dosna portáin is mó ar domhan. Colm Cócónut is ainm dom. Táim i mo chónaí i mBaile an Ghóilín i bpluais dheas cloithir. Bíonn tarrac ar bhia ann ar nós iascáin, uibhe agus gach tráthnóna, Coláiste Íde, n’fheadar éinne cad a bhíonn caite amach acu.

Gach maidin dúisím timpeall a hocht a chlog chun Animal Simulator a imirt, chun  féachaint ar an ngrian ag éirí agus chun éisteacht leis na héin ag canadh.

Tá cara agam, Cillian Cloicheán is ainm dó. Bímid ag imirt caide, rásanna agus folach sa bhfeamanach. Bíonn mo Mham ag obair ar an mBlascaod Mór i dteannta na rónta. Téann sí siar ar an bPeig Sayers gach maidin.  Tá Daid i gCúba, d’imigh sé ó Bhaile an Ghóilín ach ní féidir leis teacht thar n-ais toisc lockdown. Mar sin caithfeadsa é a thabhairt thar n-ais slí éigint.  Lá amháin bhí Cillian ar Twitter agus chonaic se go raibh bád ón nDaingean páirteach i rás an ‘Golden Globe’ agus dúirt sé liom go raibh sé chomh maith againn dul chomh fada le Cúba ina theannta agus go mbuailfinn le m’athair i Havana.

“Ana phlean,” arsa mise.

Chuir Cillian tvuít dtí Captaen Seadog ag lorg spin agus tháinig emoji ar ais. Bhí na boscaí lóin ullamh againn ar maidin, bhí buidéal cócónut milk agam féin agus Pepsi ag Cillian agus chuireamar chun farraige.

Mise an fear faire agus Cillian an chef. Ghaibheamar Béal a’ Chuain amach siar chun Na Scealg agus bhíosa ag féachaint ar na gainéid ar fad agus an glór ar fad agus thugamar aghaidh ar na hAsóir.

Ar an tslí chonaiceamar míolta móra, deilfeanna, guardail, cánóga, fuipíní agus faoileáin. Bhí mórán báid iascaigh ann. Bhí jab againn gabháil tríd an dtrácht ag dul go dtí an Porcupine. Bhí lón againn ag na hAsóir.

Dhein Cillian sea spaghetti, báirnigh agus miongáin agus ansan thugamar aghaidh ar Chúba chun mo Dhaid a bhailiú. Sna Bahamas an méid cócónuts a bhí ann, bhí lasagna déanta ag Cillian ach ní fhéadfainn féachaint ar. Chuas in airde ar chrann agus cheapas go bpléascfainn le cócónuts. Dúirt Seadog go raibh sé in am imeacht mar go raibh hurricane ag teacht. Away linn agus bhíomar i gCúba ar maidin. Chuamar go Havana agus bhuaileamar le m’athair i bodega ar an gcé. Bhíos ana shásta ach conas a rachaimid abhaile?

Chuimhnigh Cillian ar phlean, bhí aithne ag a athair ar dhuine a imríonn gailf i bhFlorida agus go bhfuil cúrsa gailf aige i gContae an Chláir agus chuir Cillian tvuít chuig Donald, an dtabharfadh sé spin dúinn ann? Tháining ‘ok’ thar n-ais agus sé sinn ar maidin in Air Force One agus thugamar aghaidh ar an tSionainn is cuarantín 14 lá. Bhíomar ag canadh ar ár slí abhaile,

 “Do thugas abhaile mo Chócónut.”

Animal Image: