Mo Mhadra Ollie le Finn

Aois. 10 Co. Chill Mhantáin

Is breá liom mo mhadra Ollie,

Ceapaim go bhfuil sé de phór collie,

Tá sé beag, tanaí is liath,

Agus ritheann sé ar nós fia.

 

Na bréagáin is fearr leis ná liathróidí,

Ó mhaidin go hoíche é ag spraoi,

Seachtain ó shin chuaigh sé ar strae,

Ach sa deireadh d'aimsíomar é.

Animal Image: