Lupin an Mac Tíre le Sadhbh

Aois. 10 Co. Chiarraí

Bhí Lupin ina chónaí i gcoill álainn ghlas. Mac tíre ab ea Lupin ach ní gnáth mhac tíre ab ea é.

Bhí a dheartháireacha agus a dheirfiúracha go léir donn, dubh nó liath. Ach bhí  cóta álainn bán ar Lupin cé nár cheap an chuid eile den gclann é sin.

“Ha ha ha!” bhídís ag magadh fé de shíor, “thá sé bán, thá sé bán!”

Ní raibh sé ábalta na cluichí tóraíochta ab ansa leis a imirt leo toisc gur sheas sé   amach i gcoinne glas na coille.

“Cad is ea tú?” a d’fhiafraigh deartháir amháin leis.

“Ní fiú mac tíre tú!”

Ghortaigh sin Lupin go domhain. Bheartaigh sé éalú uatha.

I lár na hoíche agus gach éinne ina gcodladh chuaigh sé isteach go lár na coille.  Lean sé air, gan féachaint taobh thiar dó. 

D’imigh sé i bhfad ó na mic tíre ghránna ina chlann.

D’fhág sé an choill agus tháinig sé go himeall baile, ach leag duine súil air, “Mac Tíre! Mac Tíre!”, a bheic sí.

“Lámhach é!”, a bhéic duine eile.

Leis sin, scaoileadh piléir a chuaigh tharais le horlach. Rith sé agus chonaic sé éan sna crainn agus lean sé í.

Nuair a thuirling an t-éan chonaic sé í. Bhí a dhá shúil ar leathadh, mac tíre bán!

“Lean mé,” a dúirt sí.

“Cá bhfuilimid ag dul?” a cheistigh Lupin.

D’fhan sí ina tost.

Lean sé í agus iad ag rith agus ag rith agus an bh’feadairís cá thánadar?

Baile Lupin.

Bhí gach éinne sásta é a fheiscint.

“Lupin,” a bhéiceadar, “bhraitheamar uainn tú!”

Agus iad ag tabhairt barróga da chéile thosnaigh an mac tíre bán eile ag siúl uatha.

“Haigh!”  a bhéic Lupin.

“Níor thugais dom d’ainm.”

 “Adolphine is ainm dom,” a dúirt sí.

“An bhféadfainn buaileadh leat arís?” a d’fhiafraigh Lupin.

“Déarfainn go ndéanfaidh tú go luath,” a duirt sí, “ana luath.”

Leis sin léim sí thar chrann.

“An bhfuil aithne agat uirthi?” a cheistigh athair Lupin.

“Tá,” arsa an mac tíre is lú, “ tá sí ina cónaí béal dorais,”

“Tuigimid an ‘go luath’ anois mar sin.”

Mhaireadar go sona sásta go deo na ndeor.

Animal Image: