An Leon le Tabitha

Aois 10 Co. Chill Mhantáin

Fiacla móra, chomh géar le scian!

Má bheireann sé greim ort, beidh tú i bpian.

Béal millteanach oscailte, deireann sé  “Ráárrrr!”

“Is mé Rí na dufaire!” Cloisim a ghlór.

 

Grágán gruaige donn agus fionnadh oráiste,

Tá ocras air, ní bhreathnaíonn sé sásta,

Lapaí ollmhóra le crúb in áit méar,

Íosfaidh sé tú le haghaidh dinnéir.

Animal Image: