Kaya an Cóála le Brooke

Aois. 10 Co. Chill Mhantáin

Bhí Kaya an Cóála ag luascadh ón gcrann,

Nuair a chuala sí torann, “Céard a bhí ann?”

Bhí “buzz...bum....buzz” timpeall uirthi,

Ansin chonaic sí an bheach bheag bhuí.

 

Baineadh a leithéid de gheit aisti,

Gur léim sí go hard leis an imní,

Bhuail sí a ceann leis na géaga go léir,

Ansin luí sí ar a droim ag féachaint sa spéir.

 

Tháinig an bheach i dtír ar an gcrann,

ag seiceáil go raibh an cóála slán,

D’ardaigh Kaya a hordóg agus dúirt léi féin,

“Ba bhreá liom bheith i mo bheach, ag eitilt mar éan!”

 

Bhí Kaya ar ais ag luascadh ón gcrann,

Chonaic sí an bheach ansin duirt sí, “Slán!”

Animal Image: