A Fíor Feiniúlacht le Aoibheann

Aois. 10 Co. Chiarraí

Ainmhí beag bídeach a thaisteal siar san am ag lorg cara. Scéal le duine éigin eile.  Bhí an créatúr beag seo ar cheann de na créatúir ba chliste a shiúl sa tsaol riamh. 

Bhí sí beag agus an t-aon cheann dá sort, gné gan eolas, treibh gan ainm, mar ní raibh treibh ann. Ní raibh ach ceann amháin di ann.

Lá amháin bhí an creatúr beag seo ag rith saor san fhiántas, bhí sí cosúil le coinín  ach bhí sí róbheag chun a bheith ina ceann acu san. Níor thóg éinne aon cheann  di. Bhí sí ina cónaí sa tor, i bhfraochán gorm. Bhí sí te, cluthar agus sona, lán do  bhia agus dí agus grá freisin. Ach bhí rud éigin mícheart, ní raibh éinne chun barróg a thabhairt di. 

Chuaigh an créatúr beag amach ag lorg cara. Nuair a chas sí cúinne thit sí isteach i bpoll, tharla sé chomh tapaidh nár thug sí  faoi deara cad a tharla .

Thit sí síos agus síos go dtí gur thuirling sí ar an dtalamh láidir thíos agus is é a fionnadh bog a chosain í. Sínte in aice léi, bhí Tairseach . Bhí mearbhall uirthi agus í ag féachaint  isteach sa domhan eile seo a bhí ag taitneamh amach uirthi. 

Thit brablach anuas ón aill agus bhrúigh sé an créatúr isteach sa Tairseach, bhí a   súile ag sníomh agus cheap sí go mbeadh sí ag caitheamh suas!! Ach do stop san agus ansin chonaic sí créatúr cosúil léi féin. Ó bhí gaolta aici anois !! Agus ní raibh sí ina haonar.

Ón am sin d'athraigh an dearcadh a bhí aici ar an domhan. Bhí tuiscint agus eolas  anois aici. 

Animal Image: