An Doras Oscailte le Úna

Aois. 12 Co. Chiarraí

Bhíos i mo chodladh i mo leaba bheag i mo chás nuair a chuala mé rud éigin lasmuigh. Ritheas amach. Bhí Áine ansin ag cur mo bhia isteach i mo chás. Ritheas suas chuig a lámha. Phioc sí suas mé agus chuimil sí mo dhroim. Léimeas isteach sa chás arís chun mo bhricfeasta a ithe.

 Thosaigh Áine ag gáire.

“A Áine. Tar agus ith do bhricfeasta. Beidh tú déanach don scoil,” arsa Mom. Rith Áine amach an doras. “Slán, Gus,” a dúirt sí.

D’fhéachas suas. Bhí an doras don gcás oscailte. Bhuel, nuair a fheiceann hamstar ar nós mise doras fágtha ar oscailt mar sin, níl faic níos fearr sa saol. Léimeas amach agus shiúlas timpeall seomra Áine. Chonac an rud mór liath a chuireann sí ar a cosa. Léimeas isteach. Bhí sé te. Ansin chuas sall go dtí an dronuilleog mhór. Ó! Bhí hamstar eile ann!

Thosaigh mé ag bruíon leis ach ní rabhas ábalta. Tar éis tamaill d’éirigh mé as.

Ansin chuala mé “Meow!” Léimeas suas ar an leaba. ‘An Cat!’ a chuimhnigh mé. Chuaigh mé síos faoin mblaincéad. Tháinig sé isteach go mall. D’fhéach sé timpeall. Ansin tháinig mé amach. Léimeas ar a dhroim. Thógas greim as. Scread sé agus rith sé amach. Léimeas anuas.

Ansin chuaigh mé suas ar bhord. Bhí bosca ann. D’fhéachas isteach. Bhí bráisléad déanta le péarlaí ann. Chuireas é timpeall orm féin.

Ansin chuala mé Mom ag an doras. Bhí sí ar ais. Léimeas síos agus isteach i mo chás arís, dhúnas an doras.

Ní raibh a fhios ag éinne riamh cad a tharla dom an lá sin!

Animal Image: