Donncha an Rón le James

Aois. 10 Co. Chiarraí

Lá amháin ar an mBlascaod dhúisigh Seán an Rón le glór a Dhaideo ag éirí. Maidin bhreá a bhí ann ar an dTráigh Bhán. Bhí gach éinne éirithe agus ag imirt rásaí san uisce. D’fhéach Daideo ar Sheán agus dúirt sé, “B’fhéidir inniu!”

Chuala Seán a Dhaideo agus d’fhiafraigh sé, “Cén rud inniu a Dhaideo Donncha?”

Dúirt Donncha, “Ar chuala riamh an scéal fé Naomh Bréanann?”

“Níor chuala,” arsa Seán.

“Naomh Bréanann ab ea rón ón dtráigh seo. Chuaigh sé go dtí an Íoslainn agus ansin go dtí an Ghraonlainn agus ar aghaidh go dtí Meiriceá.”

“Wow!” a fhreagair Seán le hiontas.

Dúirt Daideo Sheáin, “Ba mhaith liom dul ar an dturas céanna. Táim chun an turas a dhéanamh agus tosnóidh mé ar a 3:00.”

Dúirt Donncha leis na rónnta ar fad é agus ar aghaidh leis ag a 3:00. Chuaigh Donncha suas go dtí an Íoslainn agus trasna go dtí an Ghraonlainn ach tháinig cráin dhubh! Thosnaigh Donncha ag snámh chomh tapaigh le splanc agus le hap an tairne bhí sé tar éis Meiriceá a bhaint amach. Chuaigh sé chun luí ar an dtrá ach tháinig bád agus fuair sé greamaithe i líon. Chuir na daoine a fuair é isteach i mbosca é, ansin chuireadar an bosca i seomra mor groí le heilifint agus moncaí. Chonaic sé fógra leis na focail, ‘Sorcas Mheicsiceó’.

D’fhoghlaim sé an-chuid cleasanna le liathróid agus bhí dhá seó sa tseachtain aige. Is ansan a chuala sé go raibh an sorcas ag dul go dtí An Daingean le haghaidh seó mór Fhéile na Bealtaine.

Dhá lá ina dhiaidh sin bhí Seán sa Daingean ar thóir maicréil ach ní raibh a fhios   aige faoin sorcas. Bhí an sorcas ar an gcé. Nuair a chonaic Donncha Seán san uisce léim sé isteach agus chuadar abhaile le chéile. D’fhéachdar ar an bhFear Marbh ag ithe na gréine agus chuadar a chodladh.

Animal Image: