An Crogall Buí le Louise

Aois. 10 Co. Chill Mhantáin

Ó féach ar an gcrogall sin buí!

Tá sé ansin thíos ina luí,

B’fhearr liom é sin,

Tá súil agam go bhfuil sé tinn!

 

Fan! Anois tá sé ag bogadh!

Caithfidh mé rith go tapaidh.

Rith mé ar nós na gaoithe abhaile,

Ansin bhí mé slán sabháilte.

 

An mhaidin ina dhiaidh sin chuala mé

“Louise! Louise! Éirigh suas anois!”

Fan, sin mo Mhamaí ag caint?

Tuigim anois nach raibh aon chrogall buí,

Aisling a bhí ann, nuair a bhí mé i mo luí.

Animal Image: