Bob an Moncaí le Cillian

Aois. 11 Co. Chiarraí

Bhí moncaí ann tráth darbh ainm Bob.  Bhí Bob an-mhaith ag dreapadóireacht sna crainn. Lá amháin tháinig daoine gránna agus thosaigh siad ag gearradh síos na gcrann. Ní raibh Bob róshásta leis seo. Phioc Bob cloch suas agus chaith sé an chloch leis na daoine. Chuir sé seo an ruaig orthu.

An lá ina dhiaidh sin tháinig na daoine thar nais. Dúirt Bob leis na beacha cad a bhí á dhéanamh ag na daoine.

Bhí na beacha ar buile. Chuadar síos agus thugadar cealg dóibh.

An chéad lá eile d’fhill na daoine arís ar na crainn ach bhí culaith na mbeach orthu an uair seo.

Rith Bob abhaile agus fuair sé a chairde - Larry an Luch, Timmí an Tíogar, Ollaí an tUlchabhán agus na beacha.

Nuair a tháinig na daoine, rith Bob agus a chairde i dtreo na ndaoine.

Bhí troid an- fhada acu ar feadh dhá lá agus dhá oíche ach ar deireadh thiar thall bhuaigh Bob  agus a chairde agus stop na daoine ag iarraidh na crainn a ghearradh síos.

Animal Image: