Bhíodh Mac Tíre in Éirinn le Donnabhán

Aois 10 Co. Chill Mhantáin

Bhíodh na Mic Tíre in Éirinn fadó,

Bhí siad ina gcónaí i measc na gcrann agus na coille,

I ndiaidh na bPlandálacha bhí siad ann, gan aon agó,

Ag dul ó bhaile go baile ag scaoileadh fola.

 

Rith siad ó na sealgairí,

Bhí na sealgairí dá marú,

"Cén fáth go bhfuil sé seo ag tarlú?

Mharaigh siad mo chairde!"

"Níl aon áit le dul i bhfolach,"

arsa an Mac Tíre leis féin.

Bhí daonra na Mac Tíre ag laghdú go haon,

"Cén fáth a bhfuil praghas ar ár gceann?

Na crainn is na coillte níl siad ann.''

Animal Image: