Turas Domhanda Pherry & Bacon Brendan

Thit Perry an Platypus síos poll mór. Bhí sé an-ghortaithe.  Bhris sé a ghob agus a chluas.

Ansin chuaigh Bacon Brendan síos le Jet Pack agus phioc sé suas Perry agus chuaigh siad amach as an bpoll.

Ansin thosaigh na prátaí as an Nigéir ag leanúint Pherry an Platypus agus Bacon Brendan.

Thosaigh arracht mór ag ithe na bprátaí.  D’éalaigh Perry an Platypus agus Bacon Brendan ón arracht.

“Rachaidh muid ar mhisean ar fud an domhain …” arsa Perry an Platypus le Bacon Brendan.