Timmy agus Kermit the frog

Scoil Iognáid Rís, Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí, Rang a 4 agus Rang a 5, 14/10/2021

Bhí Timmy sa siopa peataí ag lorg cipínigh ach ní raibh aon chipíneach ann agus bhí sé an-bhrónach.

Chonaic sé duine ag lorg madra agus shiúil sé in aice leis. Dúirt sé, “Is mise Bob, tá mé 80 bliain d’aois.”

Dúirt Bob go raibh milseáin sa veain bhán ach nuair a chuaigh sé go dtí an veain ní raibh milseáin ann, ach bhí minc ann.

Ansin tháinig urchar agus bhí an minc marbh.

Ansin tháinig cúpla minc eile agus bhí siad feargach agus bhí siad ag ionsaí Timmy.

Ansin tháinig Kermit the frog agus ligh Kermit Timmy.

Tháinig minc eile agus ba é an minc ab fhearr é, agus ba é an t-ainm a bhí ar an minc, Bogus.

Is maith le Bogus an cluiche Among Us.

Ansin tháinig Bob isteach le gunna agus mharaigh sé gach ceann de na minceanna.

Chuala Timmy torann mór millteach ach ní raibh a fhios aige céard a bhí ann, an súnámaí a bhí ann nó crith talún…