Sióg na Coille

Cúrsa Samhraidh 3 COGG, Fighting Words Chonamara, 2/7/2021

Bhí an áit dubh dorcha agus bhí Molly bocht ina haonar.

Níor thaitin an dorchadas le Molly.

Bhí torann aisteach le cloisteáil, bhí sí fuar agus bhí imní uirthi.

Bhí faitíos mhór ar Mholly. (Is maith an rud go raibh an tsióg thart).

Las an spéir. I bhfaiteadh na súl, tháinig Béibhinn an tsióg os a comhair.

Mhéadaigh dhá shúil Mholly.

Phreab a croí le heagla. Bhí Béibhinn ag caoineadh.

Dúirt Molly, “Tá mé caillte i lár na coille.

Bhí mé ag piocadh bláthanna agus chaill mé mo bhealach…”