Peethur an Turtair

Rang a 4, Scoil Mhic Dara​, An Cheathrú Rua​, Co. na Gaillimhe​, Fighting Words Chonamara, 24/01/2020

‘Sé Peethur an Turtair méara St. Peethursburg. ‘Sé Johnny an madra an cara is fearr atá aige.

Bhí Peethur ag iarraidh dul ar laethanta saoire go Hawaii agus dul faoin uisce mar go bhfuil uisce deas te ann.

Is alsation é Johnny agus ní ligeann sé Peethur as a amharc.

Tá Peethur ag iarraidh a chuid dathanna a athrú, mar go bhfaca sé iasc le dathanna ildaite.

Bhí sé ag iarraidh a bheith cosúil leis an iasc ildaite, mar sin thosaigh sé ag leanúint bogha ceatha.

Chonaic siad píosa adhmaid san uisce agus dhreap siad suas air agus anonn leo go Hawaii!

“Is áit dheas í seo,” a dúirt Peethur.

“An bhfuil ocras ort? An bhfuil tú ag iarraidh rud éigin le hithe?”

“Tá! Tá mé stiúgtha leis an ocras!”

“An bhfuil cead againn dul go dtí McDonalds?” a dúirt Johnny .

“Ba mhaith liomsa feamainn a ithe, ach níl aon fheamainn anseo!

Fan nóiméad, tá bogha ceatha thall anseo...”