An oíche scanrúil

Scoil Náisiúnta Thír an Fhia, Leitir Móir, Co. na Gaillimhe, Rang 5, Fighting Words Chonamara, 27/1/2021

Bhí madra ann agus Jason an t-ainm a bhí air. Fuair cailín beag é le haghaidh a breithlá.

Rachel an t-ainm a bhí ar an gcailín. Fuair Rachel Jason ón bpóna. 

An lá a thóg máthair Rachel an madra abhaile, bhí stoirm mhór ann le lasracha.

Bhí faitíos ar Jason agus rith sé isteach i lámha Rachel.

An oíche sin, thug Rachel Jason suas ina seomra. Chuaigh an stoirm ar aghaidh an oíche ar fad.

D’airigh Jason madra eile ag tafann.

Bhí Rachel ina codladh agus d’airigh sí duine éigin ag caint…