Mary an cangarú agus Big Kev an turtar

Scoil Shéamais Naofa, Bearna, Co. na Gaillimhe, Rang a 2, Fighting Words Chonamara, 19/11/2020

Bhí Big Kev an turtar agus Mary an cangarú ag súgradh. D’imigh siad leo ansin le huachtar reoite a fháil.

Go tobann, thit an t-uachtar reoite.

Tháinig luchóg agus thosaigh sé ag ithe an uachtar reoite ón talamh! Thosaigh Mary ag screadaíl.

‘Téigh abhaile!’ a dúirt Mary leis an luchóg.

Ní raibh an luchóg ag dul abhaile, mar sin rith Mary abhaile, ach ní raibh an turtar in ann ritheacht abhaile, mar bhí sé rómhall. Rith an luchóg mar go raibh píotsa ar an talamh agus bhí sé ag iarraidh é a ithe!

Bhí Mary an cangarú ag breathnú ar an teilifís, ansin fuair sí grán rósta.

Ansin chuaigh an luchóg isteach sa ngrán rósta agus thosaigh sí ag screadaíl arís!! Bhí Big Kev ag siúl abhaile go dtí teach Mhary agus nuair a tháinig sé, bhuail sé ar an doras agus d’oscail Mary an doras dó…