Humphrey agus an Cháis

Scoil Náisiúnta na bhForbacha, Na Forbacha, Co. na Gaillimhe, Rang a 5, Fighting Words Chonamara, 26/11/2020

Tráthnóna Dé Sathairn a bhí ann. Dhúisigh Humphrey an hamstar ar a naoi a chlog an mhaidin sin.

Tháinig nathair isteach an fhuinneog agus ba bheag nár ith sé Humphrey.

Peata duine de na comharsana a bhí ann, a bhí imithe ar strae.

Rith Humphrey síos an staighre ar nós na gaoithe agus chonaic sé go raibh an chlann taobh amuigh sa gháirdín agus thosaigh sé ag cuartú cáise.

Chuaigh an nathair síos an staighre freisin agus b’éigean do Humphrey rith agus rith go dtí gur chaill sé é sa tráthnóna. Chaith sé a lá ag iarraidh éalú uaidh.

Chuaigh an hamstar isteach sa chuisneoir le haghaidh cáis a fháil.

Nuair a fuair sé an cháis, shuigh sé síos ach bhí duine éigin ag bualadh ar an doras...