Elvis agus na Bananaí

Scoil Uí Ghramhnaigh, Rath Chairn, Áth Buí, Co. na Mí, Rang a 4, Fighting Words Chonamara, 22/10/2021

Lá amháin, bhí Elvis an eilifint imithe amach le Mr. Sausage agus bhí Mr. Sausage ag ithe bananaí.

Nuair a chonaic Elvis na bananaí, chaith sé na bananaí suas san aer agus rith sé uathu.

Chuaigh sé chomh fada le Centra agus fuair sé níos mó bananaí!

Chuaigh sé ar ais go dtí Mr. Sausage agus bhuail sé san éadan é mar go raibh bananaí aige!

Dúirt Mr. Sausage, “níor thug mise na bananaí anseo, thug Mr. Banana anseo iad.”

Chuir Mr. Sausage ceist ar Elvis cén fáth gur chaith sé na bananaí agus gur rith sé.

“Mar ní maith liom bananaí,” a dúirt Elvis.

Duirt Mr. Sausage, “ach cheap mé gurb iad na bananaí an rud is fearr leat?!”

Dúirt Elvis,”Gabhaigí Mr. Sausage!” mar bhí Mr. Sausage ag cur isteach go mór air.

Tá Mr. Sausage brónach.

Tháinig Joe an Leipreachán le haghaidh Mr. Sausage a ghabháil…